Seachtain Na Gaeilge
Bhí Seachtain na Gaeilge againn i gColáiste Mhainistir na Corann ón 9ú lá de Mí na Samhna go dtí an 12ú lá déag do Mí na Samhna i mbliana. Chuireamar tús le Seachtain na Gaeilge le píosa amhránaíochta agus ceoil ag an tionól maidin Dé Luain ó Rachel Ní Chinnéide, Sian Mathers agus Paddy Ó Maoldomhnaigh. Thug ár ndaltaí idirnáisiúnta taispeántas den scoth don rince ‘Ionsaí na hInse’ dúinn. Bhí Tráth na gCeist againn ansin leis na ranganna sóisearach ar dtús ar maidin Dé Luain agus leis na ranganna sinsearach ansin níos déanaí. Bhí tóir taisce rathúil eagraithe ag Iníon Ní Bhuachalla ar siúl tráthnóna Dé Máirt. Bhain gach duine taitneamh as an Factóir X tráthnóna Dé Máirt ina dhiaidh na scoile, bhí an t-Uasal Ó Mathúna go h-ionach mar óstach mar is gnáth, agus bhí roinnt iomaitheoirí iontacha againn a chan agus a sheinn cheoil agus a chur siamsaíocht ar fáil do chách. Ar an gCéadaoin bhí Bingó ag bliain 1,2,3 le Éamon Ó Súilleabháin san halla. Bhí oíche iontach ag gach duine oíche Dé Céadaoin ag an gCéilí Mór, bhí banna ceoil traidisiúnta beo againn agus bhí siad an bríomhar ar fad. Bhí craic iontach ag gach duine, agus bhí an t-adh liom mar fuair mé rince leis an t-Uasal Ó Mathúna roimh deireadh na hoíche! Tháinig Seachtain na Gaeilge go dtí críoch maidin Déardaoin le buatóir an Factóir X Áine Ní Mhathúna ag canadh beo ag tionól agus le bronnadh na nduaiseanna do bhuatóirí na himeachtaí faoi leith. Seachtain taitneamhach a bhí ann do gach duine a bhí páirteach.
S.Ní.Cheallacháin
|