Spartam Nactus Es Hanc Exorna
 
 
HomeAbout UsCurriculumStaffSportActivitiesFacilitiesNewsPre-SchoolParent Teacher AssocContact Us
 
 
News & Events - Seachtain Na Gaeilge.

News

Seachtain Na Gaeilge.

Friday 16 March 2007
I mbliana beidh sé ar siúl idir an 26ú agus an 30ú de mhárta. I measc na n-imeachtaí a reachtálfar beidh Tráth na gCeist bord, comóftas tallainne, poc fada, "Scéal Mháire".(dráma nuascríofa ag daltaí na h-Idirbliana, léireoidh siad an dráma seo ar an 28ú de Mhártá).  Beidh roinnt comórtaisí á eagrú againn chomh maith.  Orthu san beidh comórtas filíochta agus comórtas Postaer, dírithe ar an géad bhliain.
Agus, dar ndóigh, tá gach duine ag tnúth leis an gCéilí  Mór leis "Na Bochtáin" (grúpa cheoil den scoth).
Ach sé an Rud is tabhachtái a bhaineann le Seachtain Na Gaeilge sa scoil, ná go dtugann sé deis do dhaoine an méid  Ghaeilge atá acu, a usáid í slí tháitneamhach nadúrtha. Beatha teanga i a labhairt.

Nuacht mí na Márta


Beidh Mí na Márta an-ghnóthach ó thaobh na Gaeilge de.  I dtús báire, beidh rang na h-Ardteistiméarachta ag dul go dtí an Briery Gap i Maigh Cromtha, ar an gcúigíú lá déag, chun léiríú den dráma nua le Fíbín, "Gaire 'gus caoineadh ó luan go h-Aoine" a fheiceáil.
Ar an 20ú de Mhártá beidh scata daltaí ón Idirbhliain ag freastal ar "An Triail" le máiréad ni Chráda in amharclann uí Rathailligh i mBaile Átha Cliath.
Beidh scrúdú cainte na hArdteiste ar siúl sa Choláisté ar an 19ú agus 20ú lá de Mhí Aibreáin agus mar chuid dár n-ullmhúcháin chuige sin, tá sé ar intinn againn cúrsa deireadh seachtainé a eagrú i nGaeltacht Chorca Dhuibhne ón 13ú go dtí an 15ú d'Aibreán.  Nil dabht ar bith ach go ndéanann an deireadh seachtaine seo maitheas do na daltaí ó thaobh chumais de, agus go dtugann sé muinín dóibh astu féin, a chabhróidh leo in am an ghátair.  Go mbainfimid go leír taitneamh agus tairbhe as an turas.
Site MapContact UsSearchCalendar
  Built By Digital Crew